Óir cé hé mise agus céard é mo mhuintir, go mbeadh sé d'acmhainn ionainn tabhartais chomh fial sin a bhronnadh? Óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort.
Agus ina theanntasan, de bhreis ar gach ar sholáthraigh mé don teach naofa, tá ciste de mo chuid féin agam d'ór agus d'airgead, agus, de bharr mo dhúthrachta do theach mo Dhé, tabharfaidh mé é do theach mo Dhé -
Agus deireadh ár naimhde: “Tiocfaimid aniar aduaidh orthu gan fhios gan radharc acu, ansin déanfaimid iad a threascairt agus deireadh a chur leis an ngnó seo.”
[Chuamar] inár láithreacha catha dá bhrí sin thíos ar chúl an bhalla mar a raibh fairsinge; d'eagraigh mé na daoine de réir fine, agus claimhte sleánna agus boghanna acu.
Agus mhúscail an Tiarna misneach Zarubáibil mhic Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá, agus misneach an ardsagairt Iósua, mhic Iózádác, agus misneach fhuílleach an phobail sa chaoi gur tháinig siad agus gur chuir siad chun oibre i dteach Thiarna na Slua, a nDia,
go ndéana sé foirfe sibh i ngach dea-obair ionas go ndéanfaidh sibh a thoil, agus go gcuire sé i gcrích ionainn cibé ní is áil leis, trí Íosa Críost. Moladh go deo leis-sean trí shaol na saol. Amen.