Ní dhearna aon duine againn, mé féin ná mo ghaolta ná mo sheirbhísigh ná baill mo gharda phearsanta, ár gcuid éadaigh a bhaint dínn aon uair, ach a airm [i láimh gach duine].
Dúirt mé leis na huachtaráin, leis na feidhmeannaigh agus leis an gcuid eile den phobal: “Tá an obair mór agus í leata go fairsing agus táimid scartha i bhfad óna chéile ar na ballaí.
Ansin dúirt mé leis an bpobal: “Caitheadh gach fear agus a sheirbhíseach an oíche in Iarúsailéim agus ar an tslí sin beidh siad ag faire dúinn san oíche agus ag obair sa lá.”
Ní bhuaileann siad le chéile mar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin. Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracán i ranganna gan briseadh.
Má fhaigheann daoine eile an ceart seo uaibh, nach móide go bhfaighmisne uaibh é? Ach níor bhaineamar feidhm riamh as an gceart sin. Ina ionad sin cuirimid suas le gach sort ar eagla go gcuirfimis bac dá laghad ar dhea-scéal Chríost.