Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Nihimiá 4:16

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt mé leis an bpobal: “Caitheadh gach fear agus a sheirbhíseach an oíche in Iarúsailéim agus ar an tslí sin beidh siad ag faire dúinn san oíche agus ag obair sa lá.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Chuamar ar aghaidh leis an obair mar sin (agus airm i lámha leath na bhfear) ó bhreacadh an lae go glioscarnach na réaltaí.

Ní dhearna aon duine againn, mé féin ná mo ghaolta ná mo sheirbhísigh ná baill mo gharda phearsanta, ár gcuid éadaigh a bhaint dínn aon uair, ach a airm [i láimh gach duine].

Beidh súil agam le fíréin na tíre a bheith in aontíos liom. An té a shiúlann sa tslí gan máchail, is é a dhéanfaidh fónamh dom.

Beidh oscailt intí don cheann agus fáithim fite timpeall na hoscailte, dála na hoscailte i gcathéide, d'fhonn nach sracfaí í.

fear claímh gach laoch díobh ó thaithí an chogaidh; a chlaíomh ar a shliasaid i gcoinne bhaol na hoíche.

Úmaigí na heacha; sa diallait, a mharcslua! In bhur ranganna! Bhur gclogaid oraibh! Déanaigí líofa na gatha; cuirigí oraibh bhur lúireacha!




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí