“Bíodh neart agus misneach agaibh! Ná cuireadh rí na hAsaíre agus an mathshlua atá in éineacht leis eagla ná uafás oraibh, óir is treise an té atá inár dteannta ná an té atá ina theanntasan.
Agus dúirt mé: “A Thiarna, a Dhia neimhe, a Dhia mhór an imeaglaithe, a chothaíonn conradh agus cairdeas buan leo seo a thugann grá duit agus a chomhlíonann d'aitheanta,
Is deimhin liom anois go bhfuil an bua tugtha ag an Tiarna dá ungthach; go bhfreagróidh sé óna fhlaitheas naofa le gníomhartha is le cumhacht a dheasláimhe.
Chuir sé rothaí na gcarbad i ngreim i dtreo gur dheacair dóibh dul chun cinn. Liúigh na hÉigiptigh: “Teithimís ó láthair na nIosraelach mar go bhfuil an Tiarna ag troid ar a son in aghaidh na nÉigipteach.”
Cuimhnigh ar do chruthaitheoir le linn d'óige, sula dtaga na drochlaethanta, agus go ndruide blianta na seanaoise leat, a ndéarfaidh tú fúthu: “Ní bhainim aon sásamh astu”;
Ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhuintir na tíre seo; déanfaimid iad a alpadh. Tá scáil a gcumhdaithe scartha leo, fad tá an Tiarna inár gcoimhdeacht. Na bíodh eagla oraibh rompu.”
“Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
Sin é an tír seo tugtha ar láimh daoibh ag an Tiarna bhur nDia; isteach libh, gabhaigí seilbh air mar a d'aithin an Tiarna Dia bhur n‑aithreacha daoibh; ná bíodh eagla oraibh ná easpa misnigh.’
Mar sin de, ní miste dúinn a rá go muiníneach: “Is é an Tiarna a thugann cabhair dom, ní bheidh eagla dá laghad orm. Cad is féidir le haon duine a dhéanamh orm?”
Nuair a shroich sé críocha Iosrael shéid sé ar an adharc in ardáin Eafráim; tháinig clann Iosrael anuas ó na hardáin in éineacht leis, agus eisean i gceannas orthu.