Ón lá sin amach ní bhíodh ach leath mo chuid fear ag tógáil; bhíodh an chuid eile ina seasamh, agus sleánna sciatha boghanna agus lúireacha acu, ar chúl teaghlach Iúdá,
a thuilleadh a bhí i gceannas an lucht iompair; a thuilleadh a thug treoracha do shaoistí oibreacha na mbeartas ar leith; agus roinnt Léivíteach a bhí mar scríobhaithe, mar chléirigh, agus mar lucht faire ar na geataí.
a bhí ag tógáil an bhalla. Bhíodh [airm ag] an lucht iompair chomh maith, i dtreo go ndéanadh gach duine díobh a ghnó lena leathláimh agus a arm ina leathláimh eile.
Nuair a fuair ár naimhde amach go raibh rabhadh faighte againn, agus gur chuir Dia a bplean amú, [d'imíodar leo] agus chuamar go léir ar ais, gach duine i mbun a shaothair ar an mballa.
“A mhic an duine, thug Nabúcadnazar, rí na Bablóine, ar a shlua saothar mór a dhéanamh in aghaidh na Tuíre. Rinneadh maol gach ceann agus lomadh craiceann gach gualainne; ach ina ainneoin sin ní bhfuair sé féin ná a shlua aon bhuntáiste ón Tuír ar son an tsaothair seo ina haghaidh.
Ghabhadar suas go Gleann Eisciol agus thaiscéaladar an tír, ach d'fhágadar clann Iosrael gan de mhisneach acu dul isteach sa tír a thug an Tiarna dóibh.