Taobh [leis-sean] rinne Hanainiá mac Sheilimiá agus Hánún séú mac Záláf stráice eile a dheisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá deisiú ar aghaidh a áit chónaithe;
Mar reachtairí ar na stórais cheap mé Seilimiá an sagart, Zádóc an scríobhaí, agus Padáiá, Léivíteach, agus, mar chúntoirí, Hánán mac Zacúr, mac Mhatainiá, mar gur síleadh go raibh siad iontaofa; ba é a ngnó a gcuid a thabhairt dá ngaolta.
taobh [leis-sean] rinne Mailcíveá, de chuallacht na ngaibhne óir, deisiú chomh fada le háras na dtíolacthach agus na gceannaithe, ar aghaidh Gheata na Faire, go seomra uachtair an chúinne.
mar bhí mórán in Iarúsailéim faoi ghéillsine mionn dó mar ba chliamhain é do Sheacainiá mac Árach, agus bhí a mhac Iahóchánán pósta le hiníon Mhisiulám mac Bheiriceá.