taobh leo-san rinne Biniáimin agus Haisiúb deisiú ar aghaidh a dtithe féin; taobh leo-san rinne Azairiá mac Mhásaeiá mac Anainiá deisiú in aice a thí féin;
Agus bhí Eazrá an scríobhaí ina sheasamh ar ardán adhmaid a tógadh le haghaidh na hócáide. Taobh leis, ar a dheis, sheas Maititiá, Seama, Anáiá, Úiríá, Hilcíá agus Másaeiá; agus ar a chlé Padáiá, Míseáéil, Mailcíveá, Háisium, Haisbeadáná, Zacairiá agus Misiulám.
Iéisiúa, Báiní, Séiribiá, Iáimín, Acún, Seabataí, Hóidiá, Másaeiá, Cilíteá, Azairiá, Iózábád, Hánán, Paláiá - Léivítigh ab ea iadsan - mhínigh siad an dlí don phobal, agus d'fhan an pobal go léir ina seasamh.