Nihimiá mac Azbúc, uachtarán leath dhúiche Bhéit Zúr, rinne sé deisiú chomh fada leis an mball ar aghaidh thuamaí Dháiví, na linne tacair, agus Theach na Laoch;
An chuid eile de stair Hiziciá, a chrógacht go léir, conas mar a thóg sé an linn agus an tollán leis an uisce a thabhairt isteach sa chathair, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
Chuireadar é sa tuama a d'ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d'adhnadar béileach mhór thine ina onóir.
Mailcíveá mac Raecáb, uachtarán dhúiche Bhéit-hac-Ceirim, dheisigh sé Geata an Aoiligh, [é féin agus a chlann mhac]; ghreamaigh sé a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.
taobh leis-sean, rinne na Léivítigh deisiú: Rachúm mac Bháiní; taobh leis-sean rinne Haisibiá, uachtarán ar leath dhúiche Cheíleá, deisiú ar son a dhúiche féin;
I lár báire, rinne sibh obair idir an dá mhúr faoi choinne uisce na Seanlinne. Ach níor chuimhnigh sibh ar an gCruthaitheoir ná ní fhaca an Té a mhúnlaigh an t‑iomlán fadó riamh.
Agus dúirt an Tiarna le hÍseáia: “Seo, gabhaigí in airicis Áchaz, tú féin agus do mhac Seár Iáisiúb, go bun chlais na Linne Uachtair, go bealach Pháirc an Úcaire,
“Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n‑ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.