Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Nihimiá 3:14

An Bíobla Naofa 1981

Mailcíveá mac Raecáb, uachtarán dhúiche Bhéit-hac-Ceirim, dheisigh sé Geata an Aoiligh, [é féin agus a chlann mhac]; ghreamaigh sé a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Bhí beirt fhear ag mac Shóil a bhí i gceannas ar bhuíonta foghla; Báná a ba ainm do dhuine acu, agus Raecáb a ba ainm don duine eile; ba chlann iadsan do Rimeon ó Bhaerót an Biniáimineach (mar áirítear Baerót le Biniáimin;

D'fhág sé an áit sin agus bhuail sé le Iahónádáb mac Raecáb a bhí ag teacht ina choinne. Bheannaigh sé dó agus dúirt leis: “An bhfuil do chroíse dílis do mo chroíse faoi mar atá mo chroíse do do chroíse?” “Tá,” d'fhreagair Iahónádáb. “Má tá,” arsa Iéahú, “tabhair dom do lámh.” Thug sé a lámh dó agus thóg Iéahú suas taobh leis é ina charbad.

thug siad Heabrón i dtír Iúdá, agus a fhéarach máguaird;

Rinne na sagairt agus na Léivítigh iad féin a ghlanadh, ansin an pobal, na geataí agus an balla.

Ghabhas Geata an Ghleanna amach dá bhrí sin agus thar Thobar an Dragúin go dtí Geata an Aoiligh. Rinne mé ballaí Iarúsailéim [agus na bearnaí iontu] a iniúchadh, agus, chomh maith, a geataí dóite.

taobh leosan rinne Rafáiá mac Húr, rialtóir ar leath dhúiche Iarúsailéim, deisiú;

Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí