Tháinig mé ansin go dtí gobharnóirí an chúige thar Eofrataes agus thug mé litreacha an rí dóibh. Bhí oifigigh airm agus marcshlua ón rí i mo choimhdeacht.
Óir ba leasc liom cuideachta saighdiúirí agus marcshlua a lorg ar an rí le sinn a chosaint ón namhaid ar an tslí mar bhí sé ráite cheana féin againn leis an rí: “Tá láimh ar nDé leata mar sciath chosanta ar cách a lorgann é, agus a neart agus a fhearg ar chách a thugann cúl leis.”
Dúirt mé leis chomh maith: “Mura miste le do mhórgacht é, tugtar litreacha dom le haghaidh gobharnóirí an chúige thar Eofrataes, á rá leo ligean dom dul slán trína gcríocha go dtí Iúdá;