Dúirt an rí liom mar sin: “Cén fáth a bhfuil aghaidh bhrónach ort os rud é nach bhfuil tú tinn? Ní foláir nó go bhfuil dólás éigin ar do chroí.” Tháinig eagla mhór orm ansin
agus chuir sé ceist ar an dá oifigeach a bhí fairis i ngéibheann i dteach a mháistir: “Cén fáth an ghruaim seo oraibh inniu?”
Goilleann an dóchas a théann i bhfad ar an gcroí; ach an mhian a shásaítear, déanann crann na beatha di.
Gabhann gealgháire le háthas croí, ach briseann cumha chroí an misneach.