Nihimiá 2:17An Bíobla Naofa 1981Dúirt mé leo ansin: “Feiceann sibh an cruachás ina bhfuilimid: tá Iarúsailéim ar lár agus a geataí dóite. Téanaigí, tógaimis ballaí Iarúsailéim agus ná bímis faoi náire mar seo a thuilleadh.” Féach an chaibidil |
Sealúm mac Chol Hoize, uachtarán dhúiche Mhizpeá, dheisigh sé Geata an Tobair; d'athchóirigh sé é, chumhdaigh é, agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. D'atóg sé chomh maith balla Linn na Canálach le hais ghairdín an rí, chomh fada ar aghaidh leis na céimeanna anuas ó dhúnfort Dháiví.