I mí Níosán, san fhichiú bliain de réimeas an rí, Artaxarxaes, bhí a chuid fíona os a chomhair; thóg mé suas an fíon agus thug mé don rí é; [roimhe sin] ní raibh mé riamh faoi bhrón ina láthair.
Le linn Artaxarxaes, scríobh Mitreadát, Tábael agus a gcomhghleacaithe eile litir ghearáin [in aghaidh Iarúsailéim] go hArtaxarxaes rí na Peirse. Bhí téacs na litreach san Aramais agus in aibítir na hAramaise.
Chuaigh líon áirithe Iosraelach, sagairt, Léivítigh, cantairí, gardaí geata, agus tíolacthaigh suas go Iarúsailéim sa seachtú bliain de réimeas Artaxarxaes rí.
A Thiarna tabhair cluas d'urnaí do shearbhónta agus d'urnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do d'ainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.” Ba chornaire ag an rí mé an uair úd.