Ofráladh íobairtí móra an lá sin agus bhí lúcháir ar an bpobal mar gur mhaith an chúis lúcháire a thug Dia dóibh. Bhí lúcháir ar na mná agus ar na leanaí chomh maith agus is fada ó bhaile ab fhéidir gártha áthais Iarúsailéim a chloisteáil.
Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an tAmónach daoir, an méid sin, tháinig an-mhíshásamh orthu toisc aon duine a theacht le beart a dhéanamh ar mhaithe le clann Iosrael.
Ansin chrom Eiliáisíb an t‑ardsagart agus a chomhshagairt ar Gheata na gCaorach a thógáil; [leagadar síos] a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí [a bholtaí agus a bharraí] agus lean siad ar aghaidh go Túr Hananael.
Nuair a chuala Sanballat, Tóibíá agus Geisim an tArabach agus ár naimhde eile go raibh an balla atógtha agam, gan bearna fágtha ann - cé nach raibh na comhlaí curtha agam ar na geataí fós -