d'arán na láithreachta, don abhlann bhuan, don íobairt uileloiscthe bhuan, do na híobairtí ar na sabóidí, ar fhéilte na ré nua, ar na sollúntais cheaptha;
Tabharfaimid freisin togha ár mine, toradh gach crainn, fíon nua agus ola, chun na sagart, go seomraí Theampall ár nDé; agus go dtí na Léivítigh deachúna na talún; baileoidh na Léivítigh féin na deachúna ónár mbailte go léir faoin tuath.
D'ordaigh mé do na Léivítigh iad féin a ghlanadh agus teacht agus na geataí a fhaire i dtreo go gcoimeádfaí an tsabóid naofa. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, dá bharr seo freisin agus, de réir méid do bhuanghrá, bí trócaireach liom.