de bhrí nár thángadar in araicis chlann Iosrael le harán agus le huisce. D'fhostaigh siad Balám ina n‑aghaidh le mallacht a chur orthu ach rinne ár nDia beannacht den mhallacht.”
Cuimhnigh ansin ar a raibh beartaithe ag Bálác, rí Mhóáb, agus ar an bhfreagra a thug Balám mac Bheór air agus tú ag gluaiseacht ó Shitím go Gilgeál chun go dtuigfidh tú na gníomhartha slánaitheacha a rinne mé.”
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’
Ná bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag Amónach ná ag Móábach; fiú go dtí an deichiú glúin ná bíodh cead isteach go Tionól an Tiarna ag a sliocht go brách.
Óir níor tháinig siad in bhur gcoinne le harán agus le huisce agus sibh ar an tslí amach as an Éigipt, agus d'fhostaigh siad Balám mac Bheór ó Phatór in Arám an Dá Abhainn chun mallacht a chur ort.