Nihimiá 13:15An Bíobla Naofa 1981Sna laethanta úd chonaic mé daoine in Iúdá ag pasáil na gcantaoirí fíona ar an tsabóid agus a thuilleadh ag breith na bpunann arbhair leo agus á gcur ar asail, agus mar an gcéanna le fíon, fíniúnacha, figí agus gach sort ualaigh lena dtabhairt isteach in Iarúsailéim ar an tsabóid. [Thug mé foláireamh dóibh gan an bia] a dhíol. Féach an chaibidil |
Thug tú rabhadh dóibh lena dtabhairt ar ais chun do dhlí; Ach bhorr an t‑uabhar iontu, agus níor chomhlíon siad d'aitheanta; Pheacaigh siad in aghaidh d'orduithe, Na horduithe a bhronnann an bheatha ar fhear a gcomhlíonta; Chroith siad a nguaillí go stuacach, Agus chruaigh a muineál le stailc, agus níor ghéill siad.
Ach d'éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór. “Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios.