Chuir mé ceartú ar na feidhmeannaigh - “Cén fáth a bhfuil Teampall Dé tréigthe?” d'fhiafraigh mé. Agus chruinnigh mé na [Léivítigh] le chéile arís agus chuir mé i bhfeighil a gcúram iad.
Beidh sagart, fear de shliocht Árón, i gcuideachta na Léivíteach agus iad ag tobhach na ndeachúna; déanfaidh na Léivítigh deachú de na deachúna a thabhairt suas go Teampall ár nDe, chuig na seomraí, chun an chiste,
Rinne mé ceartú orthu agus chuir mallachtaí orthu; bhuail mé a lán acu agus staith mé a ngruaig agus thug faoi deara dóibh mionn a thabhairt dar Dia á rá: “Ná tugaigí bhur n‑iníonacha le pósadh dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonacha le bheith mar mhná ag bhur mic ná agaibh féin.