Nuair a tháinig an seachtú mí agus go raibh clann mhac Iosrael ina mbailte féin, 1b chruinnigh an pobal mar aon duine amháin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce amach. D'iarr siad ar Eazrá an scríobhaí leabhar dhlí Mhaois a d'aithin an Tiarna d'Iosrael a thabhairt amach.
Chuaigh an pobal amach agus thug leo iad agus rinne scáthláin dóibh féin, gach duine ar dhíon a thí féin, agus ina gclósanna, agus i gclósanna Theampall Dé, ar chearnóg Gheata an Uisce agus ar chearnóg Gheata Eafráim.
Agus ansin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce léigh sé giotaí as i láthair na bhfear agus na ndaoine óga a d'fhéadfadh é a thuiscint ó mhaidin go dtí meán lae. D'éist na daoine go léir go haireach le leabhar an dlí.