buíon iadsan a roghnaíodh ó na sagairt agus bhí stoic á n‑iompar acu; ansin Zacairiá mac Iónátán, mac Sheamaiá, mac Mhatainiá, mac Mhíocáiá, mac Zacúr, mac Ásáf,
bhí ceithre mhíle díobh i bhfeighil na ngeataí, agus ceithre mhíle díobh ag moladh an Tiarna leis na gléasanna ceoil a chuir [Dáiví] á ndéanamh chuige sin.
Chuir sé reachtanna a athar, Dáiví, i bhfeidhm, agus cheap sé oird na sagart i mbun a ndualgas; agus na Léivítigh i mbun a gcúraimí molta agus freastail leis na sagairt mar a d'éiligh liotúirge gach lae; agus oird lucht faire na ngeataí i mbun a ngeataí ar leith, mar a d'ordaigh Dáiví giolla Dé.