Nuair a bhí balla Iarúsailéim le coisreacan, cuireadh fios ar na Léivítigh, cibé ball a raibh cónaí orthu, teacht go Iarúsailéim d'fhonn go ndéanfaí an coisreacan a cheiliúradh le hiomainn bhuíochais, le ceol ciombail, cláirsí agus cruite.
Fuair mé amach freisin nach raibh a gcuid á tabhairt go rialta do na Léivítigh, agus go raibh na Léivítigh féin agus na cantairí ar a raibh dualgas an liotúirge imithe leo abhaile go dtí a dtailte.
Nach bhfuil [na sléibhte] seo ar an taobh eile den Iordáin, ar an mbealach siar i dtreo dhul faoi na gréine, i dtír na gCanánach, a chónaíonn san Arabá, os comhair Ghilgeál, láimh le Dair Mhóire.