Chuir sé reachtanna a athar, Dáiví, i bhfeidhm, agus cheap sé oird na sagart i mbun a ndualgas; agus na Léivítigh i mbun a gcúraimí molta agus freastail leis na sagairt mar a d'éiligh liotúirge gach lae; agus oird lucht faire na ngeataí i mbun a ngeataí ar leith, mar a d'ordaigh Dáiví giolla Dé.
Matainiá mac Mhíceá, mac Zaibdí, mac Ásáf, a bhí i bhfeighil na n‑iomann agus a chuir ceann ar an ngníomh buíochais san urnaí, agus Bacbuiciá an tánaiste ar a ghaolta; agus Abdá mac Sheamúa, mac Ghálál, mac Iadútún.
(Maidir leis na Léivítigh) le linn Eiliáisíb, Ióiádá, Ióchánán, Iadúa, scríobhadh i Leabhar na nAnnála ainmneacha cinn finí na sagart, síos go réimeas Dháire, an Peirseach.
buíon iadsan a roghnaíodh ó na sagairt agus bhí stoic á n‑iompar acu; ansin Zacairiá mac Iónátán, mac Sheamaiá, mac Mhatainiá, mac Mhíocáiá, mac Zacúr, mac Ásáf,
Iéisiúa, Báiní, Séiribiá, Iáimín, Acún, Seabataí, Hóidiá, Másaeiá, Cilíteá, Azairiá, Iózábád, Hánán, Paláiá - Léivítigh ab ea iadsan - mhínigh siad an dlí don phobal, agus d'fhan an pobal go léir ina seasamh.
Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas.
Tháinig dream de chlann Iúdá go Iósua ag Gilgeál, agus dúirt Cálaeb mac Iafuna, an Cinizeach, leis: “Tá fhios agat cad dúirt an Tiarna le Maois, óglach Dé, i gCáidéis Bairnéa mar gheall ortsa agus ormsa.