i Zanoa, in Adulám agus ina shráidbhailte, i Láicís agus faoin tuath ina thimpeall, in Azaecá agus ina shráidbhailte; chuir siad fúthu ar an tslí sin ó Bhéar Seaba go Gleann Hionnom.
D'éirigh Abrahám go moch ar maidin dá bhrí sin agus fuair sé arán agus seithe uisce agus thug do Hágár iad; d'ardaigh sé an leanbh ar a gualainn agus chuir chun siúil í. D'imigh sí léi agus bhí ar seachrán ar fud fásaigh Bhéar Seaba.
Rinne Hánún agus áitritheoirí Zánóach Geata an Ghleanna a dheisiú; d'athchóirigh siad é, leag síos a ursana agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí, agus dheisigh siad míle banlámh den bhalla suas go dtí Geata an Aoiligh.
D'imigh an tArdoifigeach leis ar ais agus fuair sé rí na hAsaíre ag déanamh ionsaí ar Libneá, mar bhí cloiste aige go raibh sé tar éis Láicis a fhagáil.
Mar sin tá na laethanta ag teacht anois - an Tiarna a labhraíonn - nach dtabharfar Toifit, ná Gleann Bhein Hionnom níos mó ar an áit seo, ach Gleann an Áir.
Thóg siad áiteanna arda Bhál i nGleann Bhein Hionnom mar a dtugann siad ar a gclann mhac agus ar a n‑iníonacha dul tríd an tine do Mhoilic - rud nár ordaigh mise riamh, ní mó a tháinig i m'intinn go ndéanfaidís coireanna gránna mar iad - a thabhairt ar Iúdá peacú.’
Ansin ghabh an teorainn Gleann Bhein Hiniom suas ag teacht aneas ar shlios an Iabúsaigh (.i. Iarúsailéim); chuaigh an teorainn suas go mullach an tsléibhe a threasnaíonn Gleann Hiniom, laistiar, ag imeall thuaidh Ghleann Rafáím.
Ghabh an teorainn ansin síos le taobh an tsléibhe sall ó Ghleann Bhein Hiniom, lastuaidh de mhachaire na Rafáím, ansin síos isteach i nGleann Hiniom, laisteas de ghualainn na Iabúsach síos amach go hÉan Rogael.