Iadsan a cheiliúradh liotúirge a nDé agus a dhéanadh cúraimí an íonghlanta - agus na cantairí agus na gardaí geata mar aon leo de réir reachtanna Dháiví agus a mhic Solamh.
Mar reachtairí ar na stórais cheap mé Seilimiá an sagart, Zádóc an scríobhaí, agus Padáiá, Léivíteach, agus, mar chúntoirí, Hánán mac Zacúr, mac Mhatainiá, mar gur síleadh go raibh siad iontaofa; ba é a ngnó a gcuid a thabhairt dá ngaolta.
taobh leis-sean, rinne na Léivítigh deisiú: Rachúm mac Bháiní; taobh leis-sean rinne Haisibiá, uachtarán ar leath dhúiche Cheíleá, deisiú ar son a dhúiche féin;
Iéisiúa, Báiní, Séiribiá, Iáimín, Acún, Seabataí, Hóidiá, Másaeiá, Cilíteá, Azairiá, Iózábád, Hánán, Paláiá - Léivítigh ab ea iadsan - mhínigh siad an dlí don phobal, agus d'fhan an pobal go léir ina seasamh.
Tugaigí aire daoibh féin mar sin agus don tréad ar fad a bhfuil sibh ceaptha in bhur maoir air ag an Spiorad Naomh chun bheith in bhur n‑aoirí ar an Eaglais a cheannaigh sé dó féin lena chuid fola.”