Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Nihimiá 11:19

An Bíobla Naofa 1981

Gardaí na ngeataí: Acúb agus Talmón, agus a ngaolta, a dhéanadh faire ag na geataí: céad agus beirt agus seachtó.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

D'imíodar leo ansin agus ghlaoigh siad ar ghardaí gheataí na cathrach agus dúirt leo: “Chuamar go longfort na nArámach. Ní raibh duine beo le feiceáil ná le cloisteáil ann, ach na capaill ceangailte, agus na hasail ceangailte, agus na bothanna fágtha mar a bhíodar.”

Ba é líon iomlán na Léivíteach sa chathair naofa ná dhá chéad agus ceathrar ar ochtó.

Bhí cónaí ar na tíolacthaigh in Oifil; bhí Zícheá agus Gispeá i gceannas ar na tíolacthaigh;

Cinn finí na Léivíteach: Haisibiá, Séiribiá, Iéisiúa, [Bionúi,] Caidmíéil; agus a ngaolta mar mhalairt cóir d'iomainn mholta agus buíochais, de réir reachtanna Dháiví, giolla Dé, iad buíon ar bhuíon .i.

Lucht faire na ngeataí: clann mhac Shealúm, clann mhac Átaer, clann mhac Thalmon, clann mhac Acúb, clann mhac Haitíteá, clann mhac Sheobái, céad tríocha a hocht.

Féach, a Dhia, ár sciath; agus breathnaigh ar aghaidh d'ungthaigh féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí