agus céadghin mic ár gclainne, agus céadghin ár n‑eallaigh, faoi mar atá scríofa sa dlí - do na sagairt ar dualgas i dTeampall an Tiarna céadghin ár dtáinte agus ár dtréada.
Agus muintir Iosrael agus Iúdá a chónaigh i gcathracha Iúdá, thug siad isteach deachú den eallach agus de na caoirigh, agus de na nithe naofa a bhí tíolactha don Tiarna a nDia, agus rinneadar iad a leagan ina gcairn ansiúd.
Fuair mé amach freisin nach raibh a gcuid á tabhairt go rialta do na Léivítigh, agus go raibh na Léivítigh féin agus na cantairí ar a raibh dualgas an liotúirge imithe leo abhaile go dtí a dtailte.
agus chóirigh sé seomra fairsing dósan, seomra ina mbíodh na habhlanna, an túis, na soithí, na deachúna arbhair, ola agus fíona á gcoimeád acu roimhe sin; ba é a bhí i gceist leis na nithe sin ná an chuid a bhí dlite do na Léivítigh, na cantairí, na gardaí geata, agus do na sagairt.
Tugaigí libh ó bhur dtithe, le cur i láthair mar dhleacht ar leith, dhá bhuilín fuinte as dhá dheachú dephlúr mín bruite le gabháile; céadtorthaí don Tiarna iadsan.
Tugaigí na deachúna go léir isteach sa stóras ionas go mbeidh soláthar bia i mo theachsa; agus cuirigí promhadh orm ar an gcuma sin, a deir Tiarna na Slua, féachaint an osclóidh mé fuinneoga neimhe daoibh chun beannachtaí a dhoirteadh anuas oraibh go flúirseach fial.
An bhféadfadh duine calaois a dhéanamh ar Dhia? Ach is amhlaidh a dhéanann sibhse calaois ormsa. Dá ainneoin sin deir sibh: ‘Conas a dhéanaimid calaois ort?’ I gcúrsaí deachúna agus ofrálacha!
Gach céadghin de dhúile beo más fear, más ainmhí, a thabharfar chun an Tiarna, bíodh sé agatsa. Gach céadghin fir, áfach, agus gach céadghin ainmhí neamhghlain, ní foláir duit iad a fhuascailt.
ní foláir duit na céadtorthaí d'fhómhar na hithreach a bhainfidh tú sa tír a thabharfaidh an Tiarna do Dhia duit a chur i leataobh; cuir i gcliabh iad agus téigh chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm.