Nihimiá 10:30An Bíobla Naofa 1981aontaíonn siad lena ngaolta, agus lena n‑uachtaráin, agus gabhann siad orthu de bhrí mionna agus mallachta siúl i gcosán dhlí Dé a tugadh trí Mhaois searbhónta Dé, agus aitheanta uile an Tiarna, ár dTiarna, agus a ghnásanna agus a reachtanna, a chomhlíonadh. Féach an chaibidil |
Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.
Sheas an rí ina ionad féin agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, agus briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin a chur i gcrích.