Nihimiá 1:5An Bíobla Naofa 1981Agus dúirt mé: “A Thiarna, a Dhia neimhe, a Dhia mhór an imeaglaithe, a chothaíonn conradh agus cairdeas buan leo seo a thugann grá duit agus a chomhlíonann d'aitheanta, Féach an chaibidil |
Thug mé faoi deara [an eagla a bhí orthu] agus d'éirigh mé i mo sheasamh agus dúirt mé leis na huachtaráin, na maoir, agus leis an bpobal eile go léir: “Ná bíodh eagla oraibh rompu! Cuimhnigí ar an Tiarna, mar is mór é agus is díol urraime é; troidigí ar son bhur ngaolta, bhur gclann mhac agus iníonacha ar son bhur mban agus bhur mbaile.”
Anois, dá bhrí sin, a Dhia linn, A Dhia mhór na cumhachta agus na heagla, Atá dílis do do chonradh agus buanseasmhach i do ghrá, Nára beag leat an ainnise go léir A tharla dúinne, dár ríthe, agus dár dtaoisigh, dár sagairt, dár bhfáithe, (dár sinsir), agus dár muintir go léir Ó ré ríthe na hAsaíre go dtí inniu féin.