dá bhrí sin uile, cruinneoidh mé an t‑aos grá uile lenar ghlac tú sámhas, iadsan a thaitin agus iadsan nár thaitin leat, tabharfaidh mé le chéile os do chomhair iad ó gach aird; taispeánfaidh mé dóibh thú gan chlúid, ionas go bhfeicfidh siad thú tarnocht.
Tá an t‑ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh: “Ní bheidh sliocht ort a dtabharfar d'ainm orthu feasta; tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe chun siúil as teampall do dhéithe; ullmhóidh mé uaigh duit, mar is suarach an duine thú.”
Tá tú líonta le náire in ionad na glóire. Ól tú féin chomh maith agus nocht d'fhorchraiceann. Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarna agus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir.
An í seo an chathair lúcháireach a mhaireadh go slán sábháilte agus a deireadh ina croí istigh: “Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil”? Cad é mar a rinneadh fothrach di agus brocach beithíoch! Gach uile dhuine a ghabhann thairsti déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.
Mura n‑éisteann sibh liom agus féachaint chuige go dtabharfaidh sibh glóir do m'ainm, a deir Tiarna na Slua, mallóidh mé sibh sa chaoi go ndéanfar mallacht de gach ceann de bhur mbeannachtaí. Is ea, táim tar éis iad a mhallú cheana féin toisc nach bhféachann sibh chuige sin chor ar bith.
Féach! Táim chun bhur sliocht a dhísciú; caithfidh mé cac san aghaidh oraibh - cac bhur bhféilte sollúnta féin - agus tógfar sibhse chun siúil mar aon leis.
Mar sin de, déanaimse, ar mo shealsa, ceap tarcaisne agus drochmheasa díbhse i lathair an phobail uile, sa mhéid nár lean sibh mo bhealaí, agus go ndearna sibh leatrom in bhur mbreithiúnais.”
Mar is dóigh liom go bhfuilimidne, aspail, curtha ar taispeáint ag Dia in eireaball thiar na caithréime mar chimí a mbeadh an bás i ndán dóibh, mar gur sampla saolta sinn os comhair aingeal agus daoine.
Uaireanta maslaíodh sibh agus tugadh drochíde daoibh go poiblí; uaireanta eile chuaigh sibh i bpáirt le daoine ar cuireadh an drochbhail chéanna orthu.
Ba é an dála céanna é ag Sodom agus Gomorá, agus ag na cathracha ina dtimpeall; ghabh siadsan freisin le collaíocht agus drúis mhínádúrtha; fágadh mar shampla iad ag fulaingt pionós na tine síoraí.