Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Nahum 3:13

An Bíobla Naofa 1981

Féach ar do thrupaí, níl iontu ach mná. Tá geataí do thíre ar dianleathadh roimh do naimhde, agus do bharraí comhla loiscthe ag tine.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Óir rinne sé smionagar de na doirse práis agus réab sé na sparraí iarainn ó chéile.

Óir dhaingnigh sé sparraí do dhoirse; agus bheannaigh sé do chlann atá istigh ionat.

Sa lá sin, beidh na hÉigiptigh mar mhná, scaoll agus scanradh iontu ó bhagairt na láimhe atá an Tiarna a bhagairt orthu.

Claíomh dá fir asarlaíochta; nár fhágtar aon mheabhair acu! Claíomh dá fir chogaidh; go gcuirtear dá dtreoir iad! Claíomh dá heachra agus dá carbaid.

Claíomh don slua uile eachtrannach atá ina lár; go mba cosúil le mná iad! Claíomh dá stór maoine; go n‑ardaítear chun bóthair iad!

Scoir saighdiúirí na Bablóine den troid; tá siad ag fanacht ina ndaingin d'fheall a neart orthu; tá siad amhail mná anois. Tá a tithe cónaithe trí thine, a geataí briste ó chéile.

Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán, i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.”

Glaonn sé ar a chuid oifigeach; imeacht tuisleach atá fúthu agus iad ar a slí chuige. Réabann siad chun cinn in aghaidh an bhalla; cheana féin tá an sceallbholg suite go daingean ina áit.

Tá na geataí chun na n‑aibhneacha ar oscailt agus gach duine dá bhfuil sa phálás imithe chun scaoill.

Ansin loiscfidh an tine thú; ciorróidh an claíomh thú; (ídeoidh sé thú mar a dhéanfadh an lócaiste). Déan thú féin chomh líonmhar leis an lócaiste; déan thú féin chomh hiomadúil leis an dreoilín teaspaigh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí