Glaonn sé ar a chuid oifigeach; imeacht tuisleach atá fúthu agus iad ar a slí chuige. Réabann siad chun cinn in aghaidh an bhalla; cheana féin tá an sceallbholg suite go daingean ina áit.
Gluaiseann na carbaid go fraochta trí na sráideanna; ropann siad ó áit go háit sna cearnóga. Is cosúil le tóirsí iad agus iad ag rith anonn agus anall mar splancacha tintrí.