Nahum 2:4An Bíobla Naofa 1981Tá sciatha a laochra dearg agus tá a shaighdiúirí faoi éide chraorag. Tá cruach na gcarbad ag spréacharnach mar thine agus iad á gcur in eagar catha; tá flosc chun troda ar an eachra. Féach an chaibidil |
Trí do ghiollaí thug tú masla don Tiarna. Dúirt tú: Le hiomad mo charbad chuaigh mé suas ar mhullach na sléibhte, ar bheanna iargúlta na Liobáine. Ghearr mé anuas an chuid is airde dá céadrais, an chuid is áille dá cufróga. Bhain mé amach an ascaill is uaigní ann agus na cluainte i lár a cuid caschoille.