Tá an Tiarna ag athbheochan niamhracht Iacóib agus niamhracht Iosrael chomh maith d'ainneoin gur scrios na scriostóirí iad agus gur mhill siad a gcraobhacha.
Na crainn ghiúise féin, tá lúcháir orthu as do chás, tá agus ar chéadrais na Liobáine: “Óir thit tusa ar lár,” arsa siad, “ní thagann aon duine aníos dár leagan.”
Ionsóidh siad thú [aduaidh] le carbaid, le cóistí agus le slua daoine; cuirfidh siad sciath, lúireach agus clogad i do choinne ó gach taobh. Fágfaidh mé breithiúnas fúthu agus daorfaidh siad thú de réir a mbreithiúnais féin.
“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, seolfaidh mé Nabúcadnazar, rí na Bablóine, rí na ríthe, aduaidh i gcoinne na Tuíre, le capaill agus carbaid agus marcshlua - le comhthionól mór daoine.
“Bhí fís agam san oíche. Is amhlaidh a chonaic mé fear ar mhuin capaill rua agus é ina sheasamh i measc na gcrann miortail a bhí sa ghleann. Taobh thiar de bhí capaill rua agus capaill dhonnrua agus capaill bhána.
Déan olagón, a chufróg; óir, tá an céadras tar éis titim, agus tá na mórchumhachtaí basctha. Déan olagón, a dharacha Bháiseán; óir, tá an fhoraois dhíbhealaigh leagtha ar lár.
Agus amach le heach eile, é seo craorag, agus ceadaíodh dá mharcach an tsíocháin a bhreith leis ón talamh, chun go maródh daoine a chéile; agus tugadh claíomh mór dó.