Stróiceadh an leon go leor creiche dá choileáin agus thachtadh sé a sáith di dá leoin bhaineanna. Líonadh sé a uaimheanna lena chreach, agus a phluaiseanna le conablaigh stróicthe.
Chuir rí na hAsaíre an priomhchornaire (an ceann feadhna agus an príomhchoillteán) agus slua mór ó Láicís go Hiziciá rí in Iarúsailéim. Ghabh sé suas go Iarúsailéim agus nuair a tháinig sé ansiúd, sheas sé taobh le sileán na linne uachtair atá ar an mbóthar go Gort an Úcaire.
Thug tú aithis don Tiarna trí do theachtairí; dúirt tú: Le mo shluaite carbad ghabh mé suas ar bheanna na sléibhte, ar bheanna buaice na Liobáine. Ghearr mé anuas na céadair is airde ann, tógha a chufróg. Ghabh mé isteach ina ascaillí cúil agus i ndoimhne a fhoraoise.
Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d'imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh - an Tiarna a labhraíonn - libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?
“Foilsígí é san Éigipt! Fógraígí i Migdeol! Fógraígí é i Nof agus i dTachpanaes! Abraigí: ‘Ag bhur bpoist! Bígí ullamh!’ óir slogann an claíomh máguaird oraibh.
Is leatsa a dhéanaim achrann, a shliabh mhilltigh, - an Tiarna a labhraíonn - a mhilleann an talamh uile! Sínfidh mé amach mo lámh i d'aghaidh, agus tiomáinfidh mé anuas as na creaga thú agus déanfaidh mé sliabh loiscthe díot.
Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: “Ar an ábhar gur labhair sibh go díomhaoin agus go bhfaca sibh bréaga, féach, tá mise in bhur gcoinne - an Tiarna Dia a labhraíonn.
Abair le foraois Neigib: ‘Éist le briathar an Tiarna. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, lasfaidh mé tine ionat agus dófaidh sí gach crann glas ionat agus gach crann críon; beidh an tine ina caor domhúchta agus gach aghaidh ruadhóite léi, ón Neigib ó thuaidh.
dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Thuír, tá mise i do choinne. Tabharfaidh mé ar mhórán ciníocha éirí i do choinne nuair a choipeann an fharraige na tonnta.
Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach! tá mise i do choinne, a Shíodón; foilseoidh mé mo ghlóir tríotsa, agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a ghearrfaidh mé breithiúnais uirthi, agus nuair a thaispeánfaidh mé mo naofacht inti.
dá bhrí sin tá mise i do choinne agus i gcoinne do shruthán. Fágfaidh mé an Éigipt ina fásach lom folamh ó Mhigdeol go Saené, fad le teorainn na hAetóipe.
Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’
Abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Shliabh Shaeír, tá mé i do choinne agus sínfidh mé mo lámh amach i do choinne; fágfaidh mé i do fhásach léirscriosta thú.
Cá bhfuil pluais na leon, uachais na leon óg? Nuair a d'imíodh an leon amach, d'fhanadh an leon baineann agus na coileáin istigh agus ní chuirfí isteach orthu,
Ansin loiscfidh an tine thú; ciorróidh an claíomh thú; (ídeoidh sé thú mar a dhéanfadh an lócaiste). Déan thú féin chomh líonmhar leis an lócaiste; déan thú féin chomh hiomadúil leis an dreoilín teaspaigh.
féach, táimse i d'aghaidh, a deir Tiarna na Slua. Tógfaidh mé suas do sciortaí chomh hard le d'aghaidh agus taispeánfaidh mé do nochtacht do na náisiúin agus do náire do na ríochtaí.
Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu siúd, mar an taca seo amárach fágfaidh mé iad go léir treascartha os comhair a súl ag Iosrael; déan speireacha a n‑each a ghearradh agus tine a chur lena gcarbaid.”