Is uime sin atá mo chorróga ar bhall amháin creatha; fuair na freanga greim orm, mar bheadh freanga mná seolta; tá mé róbhuartha le cloisint, róscanraithe le feiceáil.
Fiafraígí anois, meabhraígí: an mbíonn fir ag breith clainne? Cad chuige a bhfeicim gach fear mar sin agus a lámha ar a leasracha mar bheadh bean in íona? Cad chuige ar tháinig dath bán ar gach aghaidh?
I dtaobh na Damaisce: “Tá mearbhall ar Hamát, mar an gcéanna le hArpad; chuala siad drochscéala. Tá a gcroí [breoite le teann eagla]. Ní féidir iad a shuaimhniú.
Ansin déarfaidh tú: ‘A Thiarna, tá sé fógraithe agat féin go scriosfar an áit seo, nach ndéanfar cónaí arís ann, ag duine ná ag ainmhí, ach go mbeidh sé ina fhásach go brách.’
“Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a ndeachaigh sé síos go Seól, thug mé ar an duibheagán caoineadh ar a shon trína aibhneacha a chosc agus a bhflúirse uisce a dhul i ndísc. Chuir mé an Liobáin faoi ghruaim ar a shon agus thug ar chrainn uile na páirce seargadh.
Tá millteoir ag teacht i do choinne, Cuir an dún faoi chosaint; déan faire ghéar ar an mbóthar; cóirigh thú féin chun catha; cruinnigh do neart go léir.
“Táim tar éis na náisiúin a dhísciú; scriosadh a dtúir choirnéil. Tá a sráideanna bánaithe agam sa chaoi nach ngabhann duine ar bith tríothu. Scartáladh a gcathracha agus níl duine ná deoraí ina gcónaí iontu.
A luaithe a chualamar an scéal, thit an lug ar an lag againn, agus níor fhan misneach ag aon duine de bhur mbarr; óir sé an Tiarna bhur nDia, is Dia ar neamh thuas agus ar talamh thíos.
Mharaigh muintir Háí timpeall seisear déag ar fhichid díobh; ruaigeadar iad ó gheata na cathrach chomh fada le Seabáraím agus phleancadar iad agus iad ag dul le fána. Thit an lug ar an lag ar an bpobal agus theip ar fad ar a misneach.