Tugann sé iomardú don fharraige agus cuireann sé i ndísc í; triomaíonn sé na haibhneacha go léir. Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlú agus fásra na Liobáine ag feo.
Ach chuimhnigh Dia ar Naoi agus ar na hainmhithe go léir agus ar an eallach go léir a bhí fairis san áirc. Agus sheol Dia gaoth thar an talamh agus ceansaíodh na huiscí.
Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadh agus a nduilliúr ar fad a sheargadh; déanfaidh mé locháin dá n‑aibhneacha agus triomóidh mé a linnte go léir.
An ea nach tusa a thriomaigh an fharraige, uiscí an Aigéin mhóir, chun bealach mór a dhéanamh as duibheagáin na farraige, le go bhféadfadh an dream a fuasclaíodh dul trasna?
Triomóidh mé aibhneacha na Níle, díolfaidh an fearann le sladaithe, bánóidh an fearann le sladaithe, bánóidh mé an tír agus a bhfuil inti le cuidiú na gcoimhthíoch. Mise, an Tiarna, a dúirt.
Éisc na farraige, éanlaith an aeir, ainmhithe an mhachaire, péisteanna na talún agus daoine uile an domhain, crithfidh siad i mo láthair. Leagfar na sléibhte, réabfar na hailteanna, titfidh gach balla go talamh.
Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon, a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche agus a dhorchaíonn arís an lá, a ghaireann ar uiscí na farraige agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún; an Tiarna is ainm dó.
Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” D'éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór.
stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó.