Nahum 1:3An Bíobla Naofa 1981Cinnte tá an Tiarna mall chun feirge agus is mór í a chumhacht; Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós. Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm; is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer. Féach an chaibidil |
Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.