Dia éadmhar díoltasach is ea an Tiarna; tá an Tiarna díoltasach agus lán feirge; Is ar a eascairde a imríonn an Tiarna díoltas; is dá naimhde a choinníonn sé a chuid feirge i dtaisce.
Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,
leanann sé dá bhuanghrá i leith na mílte, maitheann lochtanna, coir agus peaca; ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.”
Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann, tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch; cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú, agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.
Dúisigh, dúisigh suas! Bí i do shuí, a Iarúsailéim! Tusa a d'ól ó láimh an Tiarna cupán a fheirge. Corn an mhearbhaill, d'ól tú é, d'ól tú siar é ar fad.
Óir féach, tá an Tiarna ag teacht i gcaor thine agus a charbadra ar nós guairneán gaoithe, chun a chuid feirge a scaoileadh ina fraoch, agus a aithis in aon bharr amháin lasrach.
Is mar seo a labhair an Tiarna, Dia Iosrael, liomsa: “Glac an cupán fíona seo as mo láimh agus tabhair ar an uile chine chuig a gcuirfidh mise thú, ól as;
Na fáithe a bhí ann romhamsa agus romhatsa anallód, rinne siad tairngreacht faoi chogadh, faoi ghorta, faoi phlá, in aghaidh mórán tíortha agus in aghaidh ríochtaí móra;
An leanfaidh sé dá fhearg go brách, an gcoinneoidh sé an racht go deireadh?’ Sin a dúirt tú, ach ina dhiaidh sin níor scoir tú den pheacú, bhí tú chomh ceanndána sin.”
B'fhéidir go gcuirfeadh siad a n‑urnaithe i bhfianaise an Tiarna agus go bhfillfeadh gach aon díobh óna dhrochshlí, óir is mór é an díomá agus an fhearg a léirigh an Tiarna in aghaidh an phobail seo.”
Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna, bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí, (a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim), ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine, agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh, mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.
Ardaigí an gháir chatha ina héadan ó gach taobh di. Géilleann sí! titeann a dúnta! sceitheann a múrtha! Seo é díoltas an Tiarna. Déan díoltas uirthi! Roinn léi mar a roinn sise le daoine eile.
Ar an ábhar sin tairngir mar gheall ar thír Iosrael. Abair leis na sléibhte agus leis na cnoic, leis na cumair agus leis na gleannta: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Labhraím le cuthach éada de bhrí gur maslaíodh sibh ag na ciníocha.
“Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé anois chun Iacób a thabhairt ar ais ó bhraighdeanas agus chun trócaire a dhéanamh ar mhuintir Iosrael uile agus beidh éad orm faoi m'ainm naofa.
“Mar seo a scaoilfidh mé le mo fhearg agus a ídeoidh mo chuthach orthu. Agus nuair a bheidh mo chuthach ídithe orthu tuigfidh siad ansin gur mise, an Tiarna, a labhair le barr éada.
An duine atá i gcéin, éagfaidh sé den phlá; an duine atá sa chongar, titfidh sé leis an gclaíomh; agus an duine a thagann slán uathusan, éagfaidh sé leis an ngorta; mar sin a ídeoidh mé mo chuthach orthu.
Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.
Mar sin de dúirt an t‑aingeal a bhí ag caint liom: ‘Fógair é seo: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua. Tá teasghrá éadmhar agam do Iarúsailéim agus do Shíón;
“Píneachás, sagart, mac Eileázár mhic Árón, chuir sé mo chuthach de chlann Iosrael, óir is aige amháin a bhí dúthracht mar mo dhúthrachtsa; uime sin níor scrios mé clann Iosrael de bharr mo dhúthrachta.
Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé de réir mar atá scríofa: “Fúmsa an díoltas,” a deir an Tiarna, “mise a chúiteoidh.”
mar is seirbhíseach Dé é ar mhaithe leat. Ach más é an t‑olc a dhéanann tú, bíodh a eagla ort mar ní gan ábhar a bhíonn an claíomh á iompar aige: is seirbhíseach Dé é chun díoltas a agairt le díbheirg ar an té a dhéanann an t‑olc.
ach a agraíonn é lena mbéal ar lucht a fhuatha agus scriosann iad. Is beag an mhoill air an té a thugann fuath dó a scrios; agraíonn sé lena bhéal air é.
Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: “Ní féidir daoibh fónamh don Tiarna, óir is Dia naofa é; is Dia éadmhar é nach maithfidh daoibh bhur gcionta ná bhur bpeacaí.