An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir, tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó, óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol; is é mo shlánú é.”
Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é, a raibh muid ag dréim le slánú uaidh; is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis. Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;
Seasfaidh mé ar mo thúr faire; glacfaidh mé m'ionad ar mo rampar, agus beidh mé ar m'fhaichill ansin féachaint céard a déarfaidh sé liom, nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid.
Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche.