Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu; is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu. Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.
Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?
Óir lá trioblóide agus treascartha agus tranglaim atá chugainn, agus is é an Tiarna Dia na Slua faoi deara é. Sa ghleann sin Hionnom tá ballaí á leagan, táthar ag scairteadh ar chabhair ar an sliabh.
In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás, agus in áit na neantóg an miortal. Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna, beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear!
Na hamhais a bhí aici ar tuarastal, a bhí slíoctha ar nós laonna biata, thug siad do na bonna é; ní sheasann siad ach teitheann in éineacht; óir tagann orthu lá a n‑ainnise, aimsir a gcuartaithe.
Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna. Beag an baol! Níl ciall do náire acu, ní mó is féidir leo lasadh. Ar an ábhar sin, mar a thiteann daoine eile, titfidh siadsan freisin; teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu, a deir an Tiarna.
Ná bíodh eagla ortsa rompu, a mhic an duine; ná bíodh eagla ort nuair a deir siad: ‘Tá dealga thart ort agus scairpeanna fút.’ Ná bíodh eagla ort roimh a mbriathra ná eagla roimh a ndrochshúil, mar is ceannairceach an dream iad.
Ní bheidh na comharsana tarcaisneacha arís mar dhris a scríobann, nó mar dhealg a stróiceann muintir Iosrael. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna Dia.
“A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé. “Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
“Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige;