A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.
is amhlaidh fós a bheidh alltacht ar an iomad ciníocha; fágfar ríthe ina mbalbháin os a chomhair. Óir feicfidh siad rud nach raibh insint scéil air agus breathnóidh siad rud nár chualathas a leithéid riamh:
Leagfaidh mé ar lár ríchathaoireacha ríochtaí agus scriosfaidh mé cumhacht na náisiún; leagfaidh mé na carbaid agus na carbadóirí; titfidh capaill agus marcaigh síos, gach ceann acu le claíomh a chomharsan.
Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.
Ghabh fearg na ciníocha, ach tháinig fraoch d'fheirge agus uain an bhreithiúnais ar na mairbh, uain cúiteamh a thabhairt do do sheirbhísigh, na fáithe, agus do na naoimh agus don dream ag a bhfuil urraim do d'ainm, idir bheag agus mhór, uain scriosta lucht scriosta an domhain.”