Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: “Cá bhfuil do Dhia?” Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna.
Cad fáth a ndeir na ciníocha: “Cá bhfuil a nDia?” Gura follas do na ciníocha os comhair ár súl go mbainfidh tú díoltas díobh in éiric fuil do sheirbhíseach a dhoirteadh.
A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.
Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé, ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm. Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu, mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil.
“Ach foilseoidh mé duit conas a chúiteoidh mé leis an mBablóin agus le háitritheoirí uile Chaildéa gach olc dá ndearnadar do Shíón. Is é an Tiarna a labhraíonn.
Idir an póirse agus an altóir goileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís: “Coigil do phobal, a Thiarna; ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht, í ina staicín aiféise i measc na náisiún. Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin: ‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”
Ach b'olc an mhaise duit gur gheal leat cás do bhráthar lá a mhí-áidh; go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá, lá a mífhortúin, agus maíomh lá na duainéise.
Tá an Tiarna tar éis an breithiúnas a bhí ag bagairt ort a thógáil díot agus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait. Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do lár agus ní healaí duit eagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó.
I dteannta a chéile beidh siad mar laochra a shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath. Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo, agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill, cuirfear raon maidhme orthu.
Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n‑aghaidh agus scriosfaidh siad ár n‑ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d'ainm mhóir?”