“Créad leis a dtiocfaidh mé os comhair an Tiarna nó a sléachtfaidh mé do Dhia neimhe? An dtiocfaidh mé os a chomhair le híobartaigh lándóite nó le laonna aon bhliana?
“Céard a dhéanfaidh mé daoibh?” arsa Dáiví leis na Gibeónaigh, “agus conas a dhéanfaidh mé cúiteamh, d'fhonn go gcuirfeadh sibh beannacht ar oidhreacht an Tiarna?”
Ceiliúir féile an tslimaráin; ith arán slim, mar a d'aithin mé duit, ar feadh seacht lá ag an am a ceapadh i mí Áibíb, óir is sa mhí sin a tháinig tú as an Éigipt. Ná tagadh aon duine i mo láthair gan ní éigin ina láimh.
Nuair a thiocfaidh pobal na tíre i láthair an Tiarna ag na féilte sollúnta, an lucht a thiocfaidh isteach an geata thuaidh ag adhradh rachaidh siad amach an geata theas. Ní fhillfidh siad ar an ngeata trínar ghabh siad isteach ach rachaidh amach an geata atá díreach rompu.
É a ghráú ón gcroí go hiomlán, ón tuiscint go hiomlán, agus ón neart go hiomlán, agus an chomharsa a ghráú mar an duine féin, is mó sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir.”
D'fhreagair Íosa: “Amen, Amen, a deirim libh, tá sibh ar mo lorg, agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí ach de bhrí gur ith sibh na builíní agus go bhfuair sibh bhur sáith.
Chrom sí ar Phól agus sinne a leanúint agus í ag screadach: “Seirbhísigh don Dia ró-ard is ea na fir seo,” a deireadh sí, “agus tá bealach bhur slánaithe á fhógairt acu daoibh.”
Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann siad na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal.
Ach d'fhreagair Samúéil: “An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtí ná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna? Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt, is fearr géilliúlacht ná geir reithí.