Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 6:4

An Bíobla Naofa 1981

Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d'fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis.

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

An bhfuil cine eile ar talamh mar do phobal féin, Iosrael, le Dia a chuaigh á bhfuascailt agus ag déanamh pobail leis féin díobh, ag móradh a ainm agus ag déanamh nithe éachtacha scanrúla ar a son, ag díbirt ciníocha agus déithe roimh a phobal?

Bhí do shlí ar fud na farraige agus do chosáin sna huiscí móra bíodh nach raibh lorg do chos le feiceáil.

Agus an lá sin féin thug an Tiarna clann Iosrael amach as tír na hÉigipte ina sluaite cóirithe.

“Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.

Téanam mar sin agus cuirfidh mé ag triall ar Fhorann thú chun go dtabharfá mo phobal, clann Iosrael, as an Éigipt amach.”

“Ach, a Thiarna liom,” arsa Maois leis an Tiarna, “ní duine dea-labhartha mé aon lá de mo shaol go dtí seo, ná ó labhair tú le do sheirbhíseach; is mall mo chaint agus is righin mo theanga.”

Labhróidh sé thar do cheann leis an bpobal; agus beidh seisean mar bhéal agatsa, agus beidh tusa mar dhia aige-sean á spreagadh.

Iadsan, an Maois céanna seo agus an tÁrón céanna, a labhair le Forann, rí na hÉigipte, faoi chlann Iosrael a thabhairt amach as an Éigipt.

Thug tú amach do phobal as crích na hÉigipte le comharthaí agus le hiontais, le láimh láidir agus le géag sínte amach agus le huafás mór.

Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipte agus threoraigh daichead bliain san fhásach sibh chun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.

Rinne Miriám, agus Árón chomh maith léi, monabhar in aghaidh Mhaois i dtaobh na mná Cuisíteach a phós sé; óir phós sé Cuisíteach mná.

Seo iad céimeanna chlann Iosrael ar mbealach amach as an Éigipt ina sluaite faoi cheannas Mhaois agus Árón.

Eisean a sheol amach iad agus a rinne éachtaí agus míorúiltí i dtír na hÉigipte agus ag an Muir Rua agus san fhásach ar feadh daichead bliain.

Cuimhnigh air go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus gur fhuascail an Tiarna do Dhia thú; uime sin a ordaím é seo duit inniu.

Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor san Éigipt agus go ndearna an Tiarna do Dhia thú a fhuascailt as an áit sin; uime sin a thugaim an aithne seo duit le comhlíonadh.

ach maidir libhse, rug an Tiarna leis amach ón bhfoirnéis iarainn sibh, as an Éigipt, le bheith ina phobal aige féin, féin, rud atá sibh fós inniu.

Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall? - na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt.

‘Mise an Tiarna do Dhia a thug amach as tír na hÉigipte thú agus as teach na daoirse.

Is le barr a ghrá daoibh agus toisc go bhfuil an Tiarna ag comhlíonadh an mhionna a mhionnaigh sé do bhur n‑aithreacha, a thug an Tiarna amach sibh le láimh láidir agus a d'fhuascail sé sibh ó theach na daoirse, agus ó chumhacht Fhorainn rí na hÉigipte.

Ghuigh mé chun an Tiarna dá bhrí sin: ‘A Thiarna Dia,’ arsa mé, ‘ná scrios do phobal, d'oidhreacht a d'fhuascail tú le do mhórgacht, agus a thug tú amach as an Éigipt le do láimh láidir.

Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: “An Tiarna, an té a cheap Maois agus Árón, agus a thug bhur sinsir amach as an Éigipt, [is finné é].




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí