Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 6:2

An Bíobla Naofa 1981

Éistigí, a shléibhte, leis an gcúiseamh a dhéanann an Tiarna; tugaigí cluas, a bhunsraitheanna an domhain. Óir tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh a phobail agus tá sé ag aighneas le hIosrael.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Nochtadh grinneall an bhfarraigí, agus bhí radharc ar mháithreacha na cruinne, de bharr bhagairt an Tiarna agus borradh ghal a pholláirí.

Luaisc agus chrith an talamh; tháinig creathán ar mháithreacha na spéire - tháinig creathán orthu de bharr a chuid feirge.

Chuir tú an talamh ina sheasamh ar a bhonn; ní dhéanfar a bhogadh go brách na breithe.

Agus ag ceapadh teorann don fharraige, chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht, agus ag leagan síos dúshraith na cruinne.

Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal, a deir an Tiarna. Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig, déanfar níos gile iad ná sneachta; má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra, amhail olann a dhéanfar iad.

Tá an Tiarna ag dul suas chuig a chathaoir bhreithiúnais, tá sé ina sheasamh chun a phobal a chiontú.

Cuimhnigh siar agus tugaimis breith ar an scéal le chéile, déan do chuntas tú féin le go saortar thú ó chion.

Agus anois, a phobal Iarúsailéim agus a mhuintir Iúdá, tugaigí breithiúnas idir mé féin agus an fíonghort seo liom.

Ar an ábhar sin cuirfidh mé triail arís oraibh an Tiarna a labhraíonn - agus ar chlann bhur gclainne cuirfidh mé triail.

sroicheann sé imill imigéiniúla an domhain. Óir tá an Tiarna ag cúisiú na náisiún, ag tabhairt an uile fheoil chun breithiúnais; tugann sé don chlaíomh na hurchóidigh - an Tiarna a labhraíonn.’

Dá mb'fhéidir choíche neamh thuas a thomhas, agus fuaimint na talún thíos a spíonadh, is ar an uair sin amháin a theilgfinn díom clann Iosrael ar son gach a ndearna siad - an Tiarna a labhraíonn.”

Bíonn Eafráim ag aoireacht na gaoithe, agus ag rith gan stad ar thóir an ghála anoir. Is ag dul i méad atá a chaimiléireacht agus a bhaois: déantar conradh leis an Asaír, agus beirtear cáin ola don Éigipt.

Tá cúis dlí ar bun ag an Tiarna in aghaidh Iosrael. Cúiteoidh sé a dhrochbhéasa le Iacób, agus agróidh sé air a ainghníomhartha.

Éistigí le briathar an Tiarna, a chlann Iosrael, mar tá an Tiarna in aighneas dlí le háitritheoirí na tíre. Óir níl aon dílse ná muintearas ná aithne ar Dhia sa tír,

Éistigí anois lena bhfuil le rá ag an Tiarna: Éirigh agus agair do chúis i bhfianaise na sléibhte; cloiseadh na cnoic do ghuth.

Las tine as mo fhearg, agus dófaidh sí go híochtar Sheól; alpfaidh sí an talamh agus a thoradh go léir, loiscfidh sí máithreacha na sléibhte.

an lá sin glaofaidh mé ar neamh agus ar thalamh le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidh; rachaidh sibh ar ceal gan mhoill ón tír a bhfuil sibh ag dul thar an Iordáin á shealbhú. Ní fada a mhairfidh sibh ann; rachaidh sibh i ndísc ar fad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí