Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 6:12

An Bíobla Naofa 1981

a bhfuil a lucht saibhris lán den fhoréigean agus a mbíonn a háitritheoirí ag insint bréag (is mealltach í an teanga atá ina mbéal acu).

Féach an chaibidil Cóip

29 Tagairtí Cros  

A Thiarna, saor m'anam ar an mbéal urchóideach, agus ar an teanga chealgach.

Is fuath leo muintir shuaimhneach na tíre: cumann siad cealg ina n‑aghaidh.

Ní bhídís ach á bhladaráil lena mbéal agus ag insint bréag lena dteanga,

Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.

Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht, tá Iúdá ag titim i bhfothracha, óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna, is masla iad ar a ghlóir.

Óir, fíonghort Thiarna na slua, is é teaghlach Iosrael é, agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann. Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart, le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.

Is saighead mharfa a dteanga, labhraíonn siad go cealgach; ‘Síocháin’, a deir duine ó bhéal lena chomharsa ach ina chroí cuireann sé luíochán roimhe.

Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas, nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire. Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad; bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe, agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh.

Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim! Léirscrios orthu, óir d'éirigh siad amach i m'aghaidh! - Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt, ach siúd ag bréagadóireacht iad i m'aghaidh!

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iúdá, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarna agus nár choinnigh siad a aitheanta, ach gur chuir na déithe bréige a lean a n‑aithreacha ar seachrán iad,

[Is mairg] dá luíonn ar leapacha eabhair, a shíneann iad féin ar tholga; a chothaíonn iad féin ar uain an tréada, agus ar na gamhna as na stalla;

An lá sin smachtóidh mé na daoine go léir a léimeann thar an tairseach agus a líonann pálás a dtiarna le foréigean agus le camastaíl.

Leoin ag búiríl is ea na huaisle atá istigh inti; mic tíre choineascracha nach raibh dada le creimeadh acu ar maidin, is ea a cuid breithiúna.

Thaobhaigh na Giúdaigh leis, á rá gur mar sin a bhí.

Tá a scornach mar a bheadh tuama ar leathadh; caint chealgach a bhíonn ar a dteanga agus nimh nathracha faoina mbeola,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí