Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 5:5

An Bíobla Naofa 1981

Smachtóidh siad tír na hAsaíre le claíomh agus dúiche Niomrod le treise lainne. Fuasclóidh sé sinn ón Asaír má thagann siad isteach inár dtír, fiú má chuireann siad cos laistigh dár gcríocha.

Féach an chaibidil Cóip

31 Tagairtí Cros  

Déanfaidh sé thú a fhuascailt faoi a sé ó thrioblóid, Agus faoi a seacht, ní bhainfidh urchóid leat.

Go mblátha síocháin agus fíréantacht lena linn nó go meathfaidh an ghealach.

Tá trí nithe a théann díom a thuiscint, agus ceithre cinn nach mbainim ciall astu:

Tá trí nithe ann le céim mhaorga, agus ceithre cinn go deimhin le hiompar stáidiúil:

Tá sé rudaí is fuath leis an Tiarna, agus is gráin lena chroí seacht gcinn:

Roinn do mhaoin i seacht nó in ocht gcuid, mar níl a fhios agat cén tubaiste a tharlóidh ar dhroim na talún.

An Asaír a bhriseadh i mo dhúiche féin, í a bhascadh ar mo shléibhte. Sleamhnóidh a cuing díbh, sleamhnóidh a hualach de bhur ngualainn.’

Is mise a deir i dtaobh Chíorais: “Is é mo thréadaí é! déanfaidh sé mar is rún liom,” ag rá i dtaobh Iarúsailéim: “Tógtar suas arís í.” Agus i dtaobh an Teampaill: “Cuirtear ar bun é as an nua!”

Beidh urraim d'ainm an Tiarna aniar agus dá ghlóir ó éirí na gréine. Óir tiocfaidh sé mar a bheadh tuile á cúnglú idir dhá bhruach agus siorradh ón Tiarna á siabadh.

Seo mar a deir an Tiarna: Nuair a bhíonn fíon úr le fáil i dtriopall caora fíniúna, deirtear: “Ná mill é; tá beannacht ann.” Déanfaidh mise mar an gcéanna ar son mo sheirbhíseach. Ní mhillfidh mé an náisiún ar fad.

Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.

Sna laethanta sin agus san am sin cuirfidh mise d'fhiacha ar Bheangán fíréanta fás suas do Dháiví, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa tír.

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Damaisce, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur lasc siad Gileád le súiste iarainn,

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Ghazá, In éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar an bpionós. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm,

Gabhfaidh siad trí mhuir na hÉigipte agus buailfidh an Tiarna tonnta na farraige dóibh agus rachaidh an Níl ar fad i ndísc. Buailfear an t‑uabhar as an Asaír agus tógfar an ríshlat ón Éigipt.

Tá mo chuid feirge ar lasadh in aghaidh na n‑aoirí agus cuirfidh mé pionós ar na treoraithe. Ach tabharfaidh Tiarna na Slua cuairt ar a thréad, ar theaghlach Iúdá, agus déanfaidh sé capall maorga cogaidh de.

Ar an lá sin, déanfaidh mé ciseán tine i lár coille agus tóirse lasrach i measc punann de chlanna Iúdá; loiscfidh siad náisiúin uile na comharsanachta ar dheis agus ar chlé. Ach beidh Iarúsailéim á háitriú agus í suite go daingean ina hionad féin i gcónaí.

Scuabfaidh sé an carbad chun siúil as Eafráim agus an capall catha as Iarúsailéim; agus brisfear an bogha cogaidh. Labhróidh sé leis na náisiúin faoin tsíocháin, agus beidh sé i réim ó mhuir go muir agus ón Abhainn go himill na cruinne.

Óir, táim tar éis Iúdá a lúbadh dom féin mar bhogha, agus an bogha sin a ghléasadh le hEafráim mar shaighead. Beartóidh mé do chlann mhac, a Shíón, mar airm in aghaidh chlann mhac Iáván, agus déanfaidh mé claíomh gaiscígh díot.

“Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”

Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.

Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”

Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.”

Agus bhí sluaite neimhe á leanúint ar eacha geala, agus iad feistithe i línéadach mín gléigeal glan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí