Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 5:3

An Bíobla Naofa 1981

Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréad trí chumhacht an Tiarna agus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia. Mairfidh siad go slán sábháilte mar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.

Féach an chaibidil Cóip

31 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.”

Ná bígí ar aon dul le bhur sinsir, agus bhur ngaolta, nach raibh dílis don Tiarna, Dia a n‑aithreacha, i dtreo go ndearna sé scrios orthu, mar a fheiceann sibh.

Chun go n‑aithneofaí do shlí ar talamh agus do shlánú i measc na náisiún go léir.

Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.

“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”

Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.

“Nuair a thiocfaidh an t‑am sin - a deir an Tiarna - beidh mise i mo Dhia ag clanna uile Iosrael: beidh siadsan ina bpobal agamsa.”

Cuardóidh mé an chaora chaillte, tabharfaidh ar ais an seachránaí, ceanglóidh mé an bacach agus cuirfidh an t‑easlán ina neart. [Tabharfaidh mé aire] don mhéith agus don láidir agus gheobhaidh siad cothú ceart uaimse.”

Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé.

Scriosfaidh mé a fíniúna agus a crainn fígí, a ndúirt sí fúthu: “Is iad seo an díolaíocht a thug mo leannán dom.” Déanfaidh mise mothar díobh, agus ní bheidh iontu ach bia beithíoch.

Rithfidh sí ar thóir a leannán, ach ní thiocfaidh sí suas leo; lorgóidh sí iad ach ní bhfaighidh. Déarfaidh sí ansin: “Fillfidh mé ar ais arís ar mo chéad fhear, mar is fearr a bhí mé as an uair úd ná mar atá mé anois.”

Bíodh fuath agaibh don olc agus grá don mhaith; cuirigí an ceart i bhfeidhm sa gheata; agus b'fhéidir go nglacfaidh an Tiarna, Dia na Slua, trua ar iarmhar Iósaef.

Beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúin agus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu. Is é béal Tiarna na Slua a dúirt é.

Beidh na bacaigh sin ina bhfuílleach agam agus déanfaidh mé náisiún láidir den mhuintir atá tuirseach traochta. Beidh an Tiarna féin ina rí orthu ar Shliabh Shíón as seo amach agus go deo.

Beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún (i measc a lán pobal), mar leon i measc ainmhithe na foraoise nó mar liopard i measc tréada caorach. Nuair a théann sé thart gabhann sé de chosa ina chreach agus stróiceann sé as a chéile í agus ní sciobfar uaidh í go deo.

Ardóidh tú do lámha ín aghaidh d'eascairde agus díothófar do naimhde go léir.

Íosfaidh tú ach ní bheidh do dhóthain agat agus beidh sceimhle ocrais i do ghoile. Cuirfidh tú nithe i dtaisce ach ní shábhálfaidh tú dada agus fiú má éiríonn leat rud éigin a shábháil fágfaidh mise ag an gclaíomh é.

Agus beidh an tír agus a háitritheoirí ina n‑ábhar uafáis de dheasca a ndrochghníomhartha.

Neartóidh mé teaghlach Iúdá agus sábhálfaidh mé teaghlach Iósaef. Seolfaidh mé ar ais arís iad, mar táim tar éis trua a ghlacadh dóibh, agus beidh siad amhail is nár shéan mé riamh iad; óir, is mise an Tiarna, a nDia, agus éistfidh mé lena nguí.

Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”

óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil m'Athar atá ar neamh, is bráthair dom é agus is siúr agus is máthair.”

Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’

Mar na daoine a thogh sé roimh ré, cheap sé ó thús iad le bheith ina macasamhla dá Mhac féin sa tslí go mbeadh seisean ina chéadghin ar mhórán bráithre.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí