Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 5:2

An Bíobla Naofa 1981

Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

57 Tagairtí Cros  

D'fhágadar Béitéil agus nuair a bhíodar tamall fós ó Eafrát, tháinig ionú Ráchael, agus bhí pianta diana linbh uirthi.

Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil.

Ar m'aistear dom ó Phadan Arám bhí sé de dhólás agam go bhfuair Ráchael bás i dtír Chanán, agus sinn tamall fós ó Eafrát. Rinne mé í a adhlacadh ansiúd ar an mbóthar go hEafrát, i mBeithil.”

Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.

Clann mhac Shalmá: Béitlihim, Natófátaigh, Atrót, Béit Ióáb, leath na Mánachatach, na Zoraigh,

Ghin Panúéil Gador; ghin Eizir Húiseá. Iadsan clann mhac Húr, céadghin Eafrátá, athair Bhéitlihim.

óir d'éirigh Iúdá níos tréine ná a dheartháireacha - mar tháinig flaith ar a shliocht - ach d'fhan ceart na céadghine ag Iósaef.

Chualamar trácht air, féach, in Eafrát; agus fuaireamar é ar mhachairí Iár.

Ó thosach sular saolaíodh na sléibhte, sular rugadh an talamh agus an chruinne, is tú Dia gan tús gan deireadh.

Ach togh as an bpobal i gcoitinne fir a bhfuil cumas iontu agus eagla Dé orthu, fir chreidiúnacha dhobhreabtha; agus ceap iad seo ina gceannairí ar an bpobal i bhfeighil mílte agus céadta agus leathchéadta agus deichniúr.

Thogh Maois daoine cumasacha as Iosrael ar fad agus chuir i bhfeighil an phobail iad, ina gceannairí mílte, agus céadta, agus leathchéadta agus deichniúr.

Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise, agus gas ag teacht óna fhréamh;

Amhail bachlóg is ea a d'fhás sé os ár gcomhair a mbeadh a fréamh i dtalamh tirim. Níl cruth ná cumthacht air, dá bhfaca sinne ná scéimh ar bith go mbeadh dúil againn ann;

Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha, i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin.

Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.

Is duine díobh féin a bheidh ina phrionsa orthu, as a muintir féin a thiocfaidh a rialtóir. Ligfidh mise dó teacht i mo láthair agus féadfaidh sé teacht i ngar dom; go deimhin, cé eile a chuirfeadh a anam i gcontúirt agus teacht i ngar domsa? - an Tiarna a labhraíonn.

Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”

“An lá sin tógfaidh mé athuair both Dháiví, atá ar lár, druidfidh mé a bhearnaí, deiseoidh mé na fothraigh, atógfaidh mé é mar a bhí anallód,

Bí ag lúbarnaíl agus ag cneadach, a iníon Shíón, mar bhean ina leaba luí seoil. Óir beidh ort imeacht as an gcathair anois agus cur fút faoin tuath. Rachaidh tú go dtí an Bhablóin ach slánófar ann thú. Mar is ann a fhuasclóidh an Tiarna thú ó lámha do naimhde.

“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.

Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.

Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim

‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá, níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá, óir is asat a thiocfaidh ceann urra a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’ ”

Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.

Thosaigh siad á chiontú á rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar, agus ag rá gurb é féin Críost an rí.”

Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: “Rí na nGiúdach é seo.”

Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”

Roghnaigh mé ar an gcuma sin daoibh ceannairí treibheanna, lucht tuisceana agus taithí, agus chuir mé i gceannas oraibh iad - ceannairí mílte, ceannairí céadta, ceannairí caogad, agus ceannairí deichniúr, agus scríobhaithe do bhur dtreibheanna.

Tá tosach aige orthu uile agus is ann a choinnítear ar bun iad.

Ach is mar a chéile Íosa Críost inné agus inniu agus go brách.

Óir, mar is eol do chách, ba de threibh Iúdá é ár dTiarna agus nuair a bhí Maois ag labhairt faoi shagairt níor luaigh sé an treibh sin ar aon chor.

An ní a bhí ó thús, an ní a chualamar, an ní a chonaiceamar lenár súile féin, an ní ar leagamar súil air agus lámh, mar atá, Briathar na beatha -

Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: “Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí.”

“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Smiorna: ‘Mar seo a deir an té atá ar tosach agus ar deireadh, an té ba mharbh agus ar tháinig anam ann:

Agus dúirt sé liom: “Tá sé curtha i gcrích. Mise Alfa agus Óimige, an tús agus an deireadh. An té a bhfuil tart air tabharfaidh mé rud le hól dó in aisce ó thobar uisce na beatha.

Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta.

Le linn na mBreithiúna a bheith i réim tharla gorta sa tír agus d'imigh fear áirithe as Beithil Iúdá a chónaí i dtír Mhóáb, é féin, a bhean agus a bheirt mhac.

Dúirt a raibh ag an ngeata agus na seanóirí: “Is finnéithe sinn. Go ndéana an Tiarna an bhean atá ag teacht ar do theaghlach a thabhairt ar aon dul le Ráchael agus le Léá, an bheirt a thóg suas teaghlach Iosrael as láimh a chéile. Go raibh an rath ort in Eafrátá, agus cáil ort i mBeithil.

Thug sibh droim le bhur nDia inniu, an té sin a shaor sibh ó bhur ngátar agus ó bhur ngábha go léir; dúirt sibh: ‘Ní amhlaidh a bheidh, ach ceap rí orainn.’ Tagaigí i láthair an Tiarna, más ea, de réir treibhe agus fine.”

Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta].

agus beir leat na deich gcáiseanna seo leo go dtí a n‑oifigeach míle; cuir tuairisc sláinte do dheartháireacha agus tabhair comhartha éigin ar ais uathu.

Faighigí faisnéis bheacht ar na háiteanna folaigh go léir ina dtéann sé i bhfolach, agus filligí orm nuair a bheidh sibh cinnte. Rachaidh mé chugaibh ansin agus má bhíonn sé sa dúiche, rachaidh mé sa tóir air ar fud finí uile Iúdá.”

Ceapfaidh sé taoisigh míle, agus taoisigh leathchéad, agus cuirfidh sé cuid díobh a threabhadh a chuid gort agus a bhaint a fhómhair, a dhéanamh a threalamh cogaidh agus trealamh a charbad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí