Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Míocá 5:1

An Bíobla Naofa 1981

Ach tusa, a Bheithil Eafrátá bíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdá is asatsa a thiocfaidh chugam an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael, an té a dtéann a shinsearacht na cianta siar go dtí an t‑am fadó.

Féach an chaibidil Cóip

35 Tagairtí Cros  

Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil.

Ní scarfaidh an ríshlat ó Iúdá ná más an cheannais ó idir a chosa, go dtaga an té ar leis é, dá dtabharfaidh na ciníocha géillsine.

Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”

Ach chuir [seisean] díormaí armtha de Chaildéigh, d'Amóraigh, de Mhóábaigh, agus d'Amónaigh ina choinne; chuir sé in aghaidh Iúdá iad le hé a scrios de réir an bhriathair a labhair an Tiarna trí bhéal a shearbhóntaí na fáithe.

Tá a mbéal ar leathadh acu i mo choinne Agus bhuail siad mé sa leiceann go fonóideach; Tá rith an rása leo i m'aghaidh.

I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé, i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.

In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.

Óir is é an Tiarna ár mbreitheamh, is é an Tiarna ár reachtóir, is é an Tiarna ár rí agus ár bhfuascailteoir,

Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh; éistigí, a chiníocha i gcéin, ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh, ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh.

Óir rugadh leanbh dúinn, tugadh mac dúinn; tá an tiarnas ar a ghualainn, agus is é ainm atá air: “Comhairleoir iontach”, “Dia láidir”, “Athair síoraí”, “Prionsa na síochána”.

cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.

Tá an leon aníos óna dhoire, tá scriosadóir na gciníocha ar a shlí, tá sé tagtha óna bhaile chun do fhearann a bhánú. Déanfar conamar de do bhailte gan duine ná deoraí iontu.

agus a leiceann a iompú chun an té a bhuaileann é agus masla ar mhuin masla a fhulaingt.

Ar lár, ar lár, ar lár a fhágfaidh mé í. Ní fhanfaidh an lorg is lú di nó go dtiocfaidh an fear ceart; is dósan a thabharfaidh mé í.”

“A mhic an duine, scríobh síos dáta an lae inniu, inniu féin. Chuir rí na Bablóine Iarúsailéim faoi léigear inniu féin.

scriosfaidh mé an taoiseach óna lár agus maróidh mé gach prionsa leis, a deir an Tiarna.

Óir, féach, tá na Caildéigh á múscailt agam, an cine fíochmhar fraochmhar úd, a ghluaiseann thar chlár na talún chun seilbh a ghabháil ar áiteanna nach leo féin iad.

Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.

Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbasa é

Agus chaith siad seilí air agus bhí siad á bhualadh sa cheann leis an ngiolcach.

Ach is é a deirimse libh gan seasamh in aghaidh an drochdhuine: ina ionad sin, an té a thugann buille sa leiceann dheas duit, iompaigh chuige an leiceann eile freisin;

Le linn na cainte sin dó, duine de na póilíní a bhí ina sheasamh láimh leis, bhuail sé buille boise ar Íosa á rá: “An mar sin a fhreagraíonn tú an t‑ardsagart?”

agus ag teacht dóibh ina ghar, deiridís: “Sé do bheatha, a rí na nGiúdach!” agus bhuail siad lena mbosa é.

Leis sin d'ordaigh Anainias, an t‑ardsagart, dóibh sin a bhí ina seasamh in aice leis Pól a bhualadh sa bhéal.

cuireann sibh suas, mar shampla, leis an duine a bhíonn ag déanamh giollaí díbh, nó ag déanamh foghla oraibh, nó ag teacht i dtír oraibh, nó ag cur gothaí air féin, nó ag tarraingt leiceadair oraibh.

Seolfaidh an Tiarna náisiún i do aghaidh ón imigéin, ó imill na cruinne, é mear mar iolar ag eitilt; náisiún é nach dtuigeann tú fiú a theanga;

Sé Dia síoraí do thearmann. Anseo thíos sé an lámh shíoraí é ag tiomáint an namhad romhat; eisean a deir: “Scrios iad.”

Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí